Banna Gaeilge as Béal Feirste le príomhshliotán a dhéanamh ag Ulster Sports Club den chéad uair
Beidh banna as Béal Feirste ag seinm gige stairiúla Dé Sathairn mar a bhuaileann siad ceoil óna n-albam úr.
Beidh The Shan Vans ag seinm i gClub Spóirt Uladh, nó an Ulster Sports Club, ar an tSráid Ard, agus deir Jake Óg Mac Siacais ón bhanna go bhfuil sé thar a bheith stairiúil ar fad.
Dúirt Jake gur tháinig an deis aníos anuraidh nuair a fuair an banna teachtaireacht ó Mheiriceá, agus ní thiocfadh leo deis a chailleadh a gcuid ceoil úir a chur os comhair an phobail den chéad uair.
Tháinig banna as Meiriceá i dteagmháil leo ag deireadh na bliana seo caite. Bhí sé ar intinn acu dul ar chamchuairt na tíre agus ba mhian leo nascadh le banna as Béal Feirste. D'iarr siad orthu dul ar an headline slot dóibh.
Dúirt Jake go bhfuil siad ar bís ar fad. Seo deis dóibh an ceol atá siad ag obair air le blianta anuas faoin chathair a sheinm den chéad uair. Seo éacht dóibh agus is tábhachtach a bheith ag ceol i lár na cathrach in áit nach raibh deis ag Gaeilgeoirí roimhe.
Beidh dhá bhanna eile, Beat Up as Meiriceá agus Cavalier Attitude as Béal Feirste. Osclófar na doirse ag a seacht Dé Sathairn, agus beidh na Shanvans ar an ardán ag a deich. Is féidir ticéidí a cheannach ó Eventbrite.