Thug Ardmhéara Bhéal Feirste, Róismáire Donnelly, cuairt ar Ghaelscoil an Lonnáin ar Bhóthar na bhFál Dé hAoine.

Bhí an chuairt mar chuid d'fheachtas na scoile chun aire a thabhairt don cheantar, go háirithe Páirc Dunville, atá suite gar don scoil. Bhronn an tArdmhéara duaiseanna ar pháistí agus labhair sí leo faoin obair atá ar bun acu.

Le linn na cuairte, chuir páistí na scoile ceisteanna ar an Ardmhéara, agus dúirt sí gurb iad na daoine ina pobal féin i mBaile Uí Mhurchú a spreagann í. Dúirt sí freisin go bhfuil grá mór aici do Bhéal Feirste agus go bhfuil pobal láidir bríomhar ann.

Dúirt príomhoide na scoile, Mícheál Connolly, gur fhás an feachtas as téama na bliana seo caite, 'Ar Leac an Dorais s'againne', a dhírigh ar an domhan thart ar na páistí.

Is í Páirc Dunville an chéad pháirc a bronnadh ar phobal Bhéal Feirste, sa bhliain 1891. Tá sé i gceist ag an scoil páistí a spreagadh le bruscar a bhailiú agus freagracht a ghlacadh as an gceantar.

Dúirt Connolly go bhfuil sé bródúil as an scoil agus as an bhfoireann, agus go bhfuil siad ag tógáil de réir a chéile le go mbeidh an scoil ag bláthú amach anseo.